Peil Ghaelach i bPobalscoil na Rosann
Tá peil ghaelach an-tábhachtach dúinn i bPobalscoil na Rosann. Spreagtar na cailíní ó thús a bheith gníomhach i gcúrsaí spóirt sa scoil. Tá cúrsaí spóirt agus go háirithe Peil Ghaelach mar chuid lárnach de chultúr na scoile ó bunaíodh í sa bhliain 1978.
-
Achan bliain glacann cailíní páirt i gcomórtaisí faoi 14, 16 agus 18. Bíonn na cluichí sinsearach agus faoi 16 a réachtáil ó Dheireadh Fómhair ar aghaidh. Tosaíonn na cluichí faoi 14 tar éis am Nollag.
-
Bíonn traenáil ar siúl gach seachtain agus tá an t-ádh orainn i bPobalscoil na Rosann go mbíonn cóitseálaí Peil Ghaelach ó Naomh Muire ag cuidiú linn.
-
Tá roinnt cailíní mar bhaill foirne do Dhún na nGall agus táimid fíor-bhródúil astu. I mbliana, bhuaigh Saskia Ní Bhaoill an t-imreoir tiomnaithe is mó ar an fhoireann mhionúr agus bhuaigh Saoirse Ní Chnaimhsí an t-imreoir faoi 16 is fearr @Donegal Ladies football Association Awards. Comhghairdeas a chailíní!


Tá ár gcailíní ag imirt in réamhbhábhta Uladh an tseachtain seo agus guímid gach rath orthu sa chluiche in éadan Naomh Chaoimhín, Fear Manach.
